Following expiry of its lease, Rose Cottage Riding School is closed until further notice
A warm welcome to
We have the horses to cater for all ages and experience in riding. It is a policy of the School that, where possible, riders will get experience on more than one horse so that their overall riding skills may be enhanced as a result. Riders coming for Group lessons are carefully assessed before being allocated a horse suitable for them and they will be encouraged to develop their riding skills within their allocated group by developing their skills with others.
Our horses are trained in the English style but for those more used to Western riding and especially for those on holiday who might wish to experience English riding but would feel more secure in a Western saddle, we can, offer the use of Western tack. Western tack can also sometimes be useful for real beginners since it allows a novice to develop balance independently of learning the basics of riding.
We have a pony riders group for children and for adults wishing to obtain supervised tuition and experience in handling horses, we offer stable management and equitation skills courses; particularly those which lead to AIRE qualifications. Of necessity these are tailored to a person’s specific needs and advice should be sought first regarding what might be the best approach. All customers at Our web site is very picture oriented and it shows a lot about our approach to horses and to teaching riding. We believe we offer the best riding experience in the Malin area and hope we might soon be of service to you.
|
IMPORTANT Following expiry of its lease, Rose Cottage Riding School is closed
|
Céad fáilte chuig
Scoil Mharcaíochta "Rose Cottage"
Cé nach bhfuil muid féin fós
in ann Gaeilge a labhairt, ba mhaith linn an láithreán gréasáin seo againne a
chur faoi bhráid na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu. Seo anois cuntas gearr ar
Scoil Mharcaíochta "Rose Cottage". Bhí Kate Mc Dermott ag gabháil le capaill an chuid is mó dá saol. D'éirigh sí aníos i Lancashire ach thosaigh sí ar a saol oibre i Hertfordshire, áit ina raibh sí ina múinteoir, agus ina dhiaidh sin ina bainisteoir ar chlós agus ar scoil mharcaíochta ar feadh ocht mbliana déag i lárionad mór marcaíochta. Tá sí pósta le Conallach agus tar éis di aistriú anseo, bhí sí freagrach as dhá scoil mharcaíochta a chur ar bun go rathúil. Tá mór-chleachtadh agus ard-scileanna aici agus ina theannta san, tá féith neamhchoitianta inti marcaigh, de gach aois agus ar leibhéil éagsúla cleachtaidh, a mhúineadh agus a spreagadh.
Nuair a thagann marcaigh le haghaidh grúpcheachtanna déantar measúnú cúramach orthu araon roimh capaill oiriúnacha a leithdháileadh orthu. Déanfar iad a spreagadh chun a gcuid scileanna marcaíochta a fhorbairt i bhfochair a chéile. D'fhéadfaí ceachtanna príobháideacha a shocrú chun teagasc ar shaincheisteanna a sholáthair nó chun deis dul chun cinn a sholáthair taobh amuigh de chur chuige an ghrúpa. Spreagtar na marcaigh falaireacht a dhéanamh ar chapall chun níos mó suime agus níos mó cleachtaidh a sholáthair dóibh. Níl tránna na Trá Bréige ach achar gearr uainn, agus is ann atá deiseanna chun dul ar cheantar ar ghaineamh agus sa tanalacht.
Soláthraítear teagasc do pháisti ó cheithre bhliana d'aois amach. I dtoscach báire bíonn láimhseálaí i gceannas ar chapall a húsáídtear chun teagasc a thabhairt dos na marcaigh nios óige. Tá roinnt capall againn comh maith atá oiriúnach le húsáíd sa chlár marcaíochta do dhaoine faoi míchumas. Tá grúpa do mharcaigh chapaillíní le haghaidh páistí agus daoine fásta gur mhian leo teagasc agus cleachtadh faoi stiúir a fháil i láimhseáil capall. Soláthraítear cúrsaí i mbainistíocht stábla agus i scileanna marcaíochta, go mórmhór iad siúd a bhaineann le cáilíochtaí AIRE. Tá sé riachtanach go mbeadh na cúrsaí seo deartha de réir sainriachtanais an duine agus ní foláir comhairle a lorg ar dtús maidir leis an gcur chuige ab fhearr. Is gá go mbeadh gnáthchlogaid cheadaithe marcaíochta á chaitheamh ag gach aon custaiméir sa Scoil Mharcaíochta "Rose Cottage" nuair a bhíonn siad cóngarach do chapall ar bith. Comharlaítear comh maith go mbainfaí úsáid as cosaint choirp mar is cuí. Déan deimhin de go n-iarrann tú comhairle maidir leis an gcosaint a bheadh is oiriúnaí duit féin agus/nó dod' pháiste.
|
| Home | Menu | Gallery | Foals | Customers | Pony Group |Teaching/Exams |Jumping | Behind the Scenes | Useful Sites | News | Our Wins | Business Card | Brochure | Newsletter | Fun |Slideshow |
Google translation |